CISEÁN

Níl táirgí sa chiseán agat

IOMLÁN:
£0.00
Thar na Tonnta by Beairtle Ó Conaire
Thar na Tonnta by Beairtle Ó Conaire
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Thar na Tonnta by Beairtle Ó Conaire

£12.00
CUR SÍOS

Is é a dheireadh tús an scéil seo. Tá Sonaí Ó Giolla básaithe ach go bhfuil leithscéal ar a spiorad scaradh lena chorp. Téann sé siar ar bhóithrí na smaointe. A óige i mbaile an Leacain agus ar a chuid laethanta scoile, mar ar chuir sé aithne de chéaduair ar shaothar Karl Marx, a chuaigh go smior ann – ba shóisialaí é feasta. Na laethanta a chaith sé i Londain in éineacht le dream ón mbaile – dream a bhí chomh radacach leis-sean dá mb'fhíor dóibh féin é agus, go deimhin, dá mb'fhíor dósan é chomh maith. An bhean a phós é agus an iníon a bhí acu. Ach airíonn sé a chuid idéalachais á ídiú de réir a chéile ag a laigeachtaí féin, ag athrú aeráide is saoil. Agus is nuair a fhilleann siad ar an seanphaiste tar éis na blianta a bheith caite i Londain acu a fhíortar an sean-nath nach mar a shíltear a bhítear. Nó nach mar a síleadh a bheas amach anseo...

Beairtle Ó Conaire

Is as Ros Muc ó dhúchas é Beairtle Ó Conaire agus tá sé ina chónaí sa Spidéal i gCo. na Gaillimhe. Is iomaí duais scríbhneoireachta atá buaite ag Ó Conaire. Scríobhann sé ficsean den chuid is mó agus tá cnuasaigh gearrscéalta agus úrscéalta foilsithe aige

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH