Níl táirgí sa chiseán agat
Cás ar leith atá roimh an gcigire-Bhleachtaire Seán Ruiséal anois. Bean a maraíodh ina hoifig, cé go raibh glas agus córas slándála nach ligfeadh aon duine isteach ann.
Tá ailibí láidir ag gach duine a bhaineann leis an scéal, de réir cosúlachta.
Ach léiríonn dialann an mhairbh gurbh aisteach an saol rúnda a bhíodh aici, agus deamhain phearsanta á ciapadh.
Agus an córas slándála sin, ní raibh sé chomh daingean agus a ceapadh.
Tá freagra na gceisteanna ann, ach an mbeidh an Ruiséalach agus a fhoireann in ann teacht orthu?
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.

