Níl táirgí sa chiseán agat
Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil seo.
Tá cheithre gearrscéal istigh sa gcnuasach Díoltas agus tá an cnuasach ar cheann de dheich leabhar ar fad atá ar fáil sa tsraith Horrid Henry : Dónall Dána. Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil. Sa gcnuasach seo téann Dónall Dana go dtí an oifig lena athair, haiceálann sé isteach go ríomhaire a mhuintire, castar Gráinne Ghréiseach Cailleach Am Lóin air agus cuireann sé plean i dtoll a chéile chun a dhíoltas a bhaint amach ar a dheartháir ‘foirfe’ Learaí-gan-Locht!
Rang 4/5+
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.