Gugalaí Gug! (Clúdach crua, Ceol ar chóid QR)
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Gugalaí Gug! (Clúdach crua, Ceol ar chóid QR)

£14.50
CUR SÍOS

Cnuasach de rannta traidisiúnta na Gaeilge, i bhfoirm leabhair lándaite agus albam a bhfuil léiriúchán maisiúil déanta air. Tá deich bpíosa ar fhichead ar fad san áireamh ann, idir rannta, amhrán nó dhó agus dreas portaireacht béil.

Cearc nach bhfuil in ann socrú cá ndéanfaidh sí a nead. Froganna beaga glasa atá ag foghlaim cén chaoi le snámh. 

Fear aisteach darbh ainm Máirtín, ar maith leis bheith amuigh san oíche dhubh, is an bháisteach ag titim anuas go tiubh. 

Tá Gugalaí Gug lán de charachtair agus de radharcanna a bhéarfas greim ar do shamhlaíocht. 

Cnuasach atá ann de rannta traidisiúnta ó Ghaeltacht Chonamara, atá foilsithe i bhfoirm leabhair lándaite agus albam a bhfuil léiriúchán maisiúil déanta air.

Tá deich bpíosa ar fhichead ar fad san áireamh ann, idir rannta, amhrán nó dhó agus dreas portaireacht béil.

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH