Níl táirgí sa chiseán agat
Cnuasach aistí ar shaothar Alan Titley.
Uaillmhian ealaíne, cogaíocht in aghaidh na critice, diamhra na teanga fileata agus leabhar a itheann leabhair – níl sa mhéid sin ach cuid den ábhar a chlúdaíonn scríbhneoirí an chnuasaigh seo agus iad ag cíoradh shaothar scóipiúil Alan Titley, duine de na húdair is bisiúla agus is beoga i nualitríocht na Gaeilge.
Óna chéad mhacghníomhartha pinn amach go dtí na húrscéalta móra agus na dánta is deireanaí uaidh, soilsíonn an dá aiste dhéag seo pócaí in intinn an fhir dhána agus gnéithe dá chuid scríbhinní nár pléadh go dtí seo.
Tá aistí anseo le Máirín Nic Eoin, Philip O’Leary, Máire Ní Annracháin, Gearóid Denvir, Fionntán de Brún, Darach Ó Scolaí, Aifric Mac Aodha, Seosamh Ó Murchú, Claire Marie Dunne, Ian Ó Caoimh, Máirtín Coilféir, Ríona Ní Fhrighil agus Laoighseach Ní Choistealbha
Tá an fear eagair, Máirtín Coilféir, ina Ollamh Comhlach le Gaeilge i Scoil an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Concordia, Montréal. Tá seal caite aige ina léachtóir in Ollscoil na Gaillimhe, in Ollscoil Toronto agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bíonn sé ag scríobh ar an nualitríocht agus ar an aistriúchán, chomh maith lena bheith ag cumadh dánta.
Clár an Ábhair
Réamhrá – Martin Colfer
Uaillmhian Ealaíne Alan Titley – Darach Ó Scolaí
An Teanga Fhileata i Saothar Alan Titley – Aifric Mac Aodha
Cogadh in Aghaidh na Critice nó Cath na mBó Maol? – Máirín Nic Eoin
Cearta an Duine agus Filíocht Alan Titley – Rióna Ní Fhrighil agus Laoighseach Ní Choistealbha
Faobhar na Foraoise Siar: Athchuairt ar Méirscrí na Tréibhe í – Gearóid Denvir
‘Gluaiseacht is ea mo Shaol Uile Feasta’: Turas Fisiceach agus Intinne an Duine Óig i Saothar Alan Titley – Claire Marie Dunne
‘Dursan mo Thuras’: Trí Úrscéal Turais le hAlan Titley – Máire Ní Annracháin
A Distant Mirror: Alan Titley’s An Bhean Feasa – Philip O’Leary
An Fear Dána – Filíocht na Scol á hAthshealbhú san Fhicsean Staire – Fionntán de Brún
Stiall Fhial Feola: Leabhar a Itheann Leabhair – Ian Ó Caoimh
Léamh ar Lámh, Lámh Eile – Máirtín Coilféir
Titley á Chur in Eagar – Seosamh Ó Murchú
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.

