Níl táirgí sa chiseán agat
'Is í an litríocht anam na Teanga, a scríobh Seosamh Mac
Grianna, agus sa leabhar seo tá deich gcinn de na gearrscéalta is anamúla agus
is bíogúla dár scríobhadh sa Ghaeilge riamh. Tá na mór-údar ann – Liam Ó
Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig mac Piarais-agus údair nach bhfuil an
aithne chéanna orthu, b’fhéidir – Peigí Rose, Fionntán De Brún, Annraoi Ó
Liatháín. Meascán den sean agus den nua, den traidisiún agus den nuálíocht, den
tallan, den chruthaitheacht agus den chumas atá sa chnuasach seo a chuirfidh
iontas ar dhaoine, a spreagfaidh caint ina measc agus, b’fhéidir, a
tharraingeoidh raic eatarthu. Sa leabhar freisin tá cabhair ar fáil do na
léitheoirí siúd nár mhiste leo faobhar a chur ar a scian chriticúil leis na
nótaí cuimsitheacha ata curtha i dtoll a chéile ag an bhfear eagair.
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.