Níl táirgí sa chiseán agat
Leabhair ildaite fhíortharraingteacha is ea
iad agus tá siad lán d’fhíricí suimiúla, faisnéiseacha: m.sh.
an bhfuil a fhios agat go bhfuil órangútan amháin chomh láidir le hochtar duine
fásta? Tá neart fíricí eile mar seo sna leabhair a chuirfidh iontas ar pháistí.
Tá na leabhair seo dírithe ar pháistí 6-10 mbliana agus tá an teanga iontu soléite agus saibhir. Tá
foclóirín ag deireadh gach leabhar a thugann míniú ar roinnt de na téarmaí a
úsáidtear.
Is cinnte go dtaitneoidh le páistí a bheith
ag foghlaim faoi chiorcal na beatha sna leabhair seo.
Comheagráin idir Futa Fata agus Dorling
Kindersley atá sa tsraith seo Tá Mé ag Fás.
Clúdach bog, 24 leathanach
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.