Níl táirgí sa chiseán agat
Bhí an-bhrón ar Nia. Bhí jab nua faighte ag Deaid. Bhí an chlann ag fágail a mbaile faoin tuath. Bhí dream amháin speisialta a raibh ar Nia slán a fhágáil acu – na préacháin a chónaigh sa chrann cnó capaill ag bun an ghairdín. “Slán agaibh, a chairde” a dúirt sí. “Ní fheicfidh mé arís sibh.” Ach, an bhfeicfidh sí go deo arís iad? Leabhar gleoite í seo idir insint Chaitríona Hastings agus ealaín iontach Andrew Whitson.
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.