Níl táirgí sa chiseán agat
Ní beag í tábhacht an chnuasaigh ollmhóir logainmneacha seo, a rinneadh i nGleann Cholm Cille beagnach 50 bliain ó shin, ceann de na bailiúcháin is mó dár tháinig ó aon pharóiste – – beagnach 2,500 ainm. Is é a chuirtear ar fáil san fhoilseachán seo gné shárluachmhar d’oidhreacht phobal an Ghleanna a sholathróidh dóibh den chéad uair leagnacha scríofa d’an-mhórán ainmneacha arbh ar bhéalaibh na ndaoine amháin a bhí fáil orthu go dtí seo, agus de go leor eile atá ligthe i ndearmad ar fad le himeacht na seanghlúine. Chomh maith le bheith ina thaifead ar stair phobal an Ghleanna, sa mhéid is go ndéantar na logainmneacha a chiallú chomh maith sa saothar, is acmhainn luachmhar é do na mílte cuairteoir fosta a bhíonn ag triall ar an áit gach bliain de bharr shaibhreas a chultúir agus a áilleachta gan samhail dá bhfuil an iliomad grianghraf gleoite le feiceáil sa leabhar
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.