Níl táirgí sa chiseán agat
Tagann éad as cuimse ar an mbanríon, Méabh, nuair a theipeann uirthi a fear céile, Ailill, a shárú maidir le maoin agus saibhreas. Aige siúd atá an Fionnbheannach, tarbh nach bhfuil a leithéid le fáil in Éirinn. Nó an bhfuil?
Seo insint úr bhríomhar ar an scéal is iomráití i dteanga na hÉireann, an Táin, nó Táin Bó Cuailgne mar is fearr aithne air. Am éigin roimh 1106 A.D. a scríobhadh síos i dtosach é i Leabhar na hUidhre, an lámhscríbhinn Gaeilge is ársa dá bhfuil ann, agus áirítear é ar cheann de mhórscéalta an domhain. Tá uaisleacht, crógacht agus tragóid an bhunscéil fite fuaite go healaíonta san úrscéal grafach seo.
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.