Níl táirgí sa chiseán agat
Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi Shaol na Sí agus faoi Dhomhan na nDaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde.
Tá cuireadh faighte ag Luisne agus Deirdre an Nollaig a chaitheamh i measc na nDaoine sa Domhan Thuas. Ta an bheirt ar bís. Beidh siad ag fanacht le Gormlaith, aintín Luisne. ‘Ná bainigí úsáid as na Cleasa Sí anseo,’ arsa Aintín Gormlaith leo. ‘Ní mian linn aird a tharraingt orainn féin!’ Ach nuair a thosaíonn cailíní na comharsan ag tromaíocht ar an mbeirt, bíonn an-fhonn orthu ceacht a mhúineadh dóibh!
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.

