Níl táirgí sa chiseán agat
I gcró na muc bhí trí mhuicín…Sna sála ar An Slipéar Gloine, tá Futa Fata ar bís an dara leabhar inár sraith d’athinsintí véarsaíochta ar na síscéalta clasaiceacha a chur i lámha léitheoirí. Agus, ar ndóigh, cé eile a dhíreodh muid orthu ach Na Trí Mhuicín! Tá an greann go smior i véarsaí Áine Ní Ghlinn san athinsint fhileata cheolmhar seo, agus tá féasta eile do na súile cruthaithe ag Paddy Donnelly sna léaráidí.
Logáil isteach le do thoil agus beidh an táirge curtha le do mhianliosta.