Free UK standard postage on orders over £75
SHOPPING CART

No Products in the Cart

TOTAL:
£0.00
Rún na Gaeilge i Saothar Mháire
New
  • SKU:
  • Availability: in stock Many in stock Out of stock You can purchase this product but it's out of stock

Rún na Gaeilge i Saothar Mháire

£24.99
  • Barcode: 9781914482373
DESCRIPTION

Seán Mac Corraidh

Rún na Gaeilge i Saothar Mháire

Sa leabhar seo nochtar nádúr agus inneach na Gaeilge mar atá sé le fáil i saothar litríochta Shéamus Uí Ghrianna. Is staidéar é ar stíl agus ar fhoclaíocht Mháire agus tugtar an eochair dúinn isteach ar Gaeilge chruinn, shaibhir, líofa na Gaeltachta leis an ábhar atá ann.

 

Is leis an stíl liteartha go príomha a bhaineann an leabhar seo agus is é saothar Shéamuis Uí Ghrianna, a ndearna údar an leabhair grinnléamh air ó thaobh stíl liteartha agus úsáid na Gaeilge de, ábhar an leabhair. Tá an leabhar bunaithe cuid mhór ar léamh Sheáin Mhic Corraidh ar shaothar ‘Mháire’ agus ar thuairimí a bhailigh sé i gceistneoir ó dhaoine a bhfuil cur amach acu ar an ábhar agus a mhúin é. Tá an focal ‘rún’ go mór i gceist ag an údar sa mhéid is go gcreideann sé nach féidir scéal na tíre seo a léiriú go hiomlán gan an Ghaeilge agus gur i bhfolach i saothar ‘Mháire’ a gheobhas duine léaró ar rún na Gaeilge. Is beag de shaothar ‘Mháire’ atá ar fáil le léamh inniu sa litriú úr agus sa chló úr. Caithfear féacháil lena gceannach ó dhíoltóirí seanleabhar nó ó fhoinsí ar líne. Chuardaigh an t-údar chéad eagráin oiread de na leabhair agus a thiocfadh leis a aimsiú agus am ar bith a luaitear sleachta as an tsaothar, fágtar an litriú mar bhí sé sna chéad eagráin. Maítear sa leabhar go bhfuil an teanga a d’úsáid Máire bunaithe cuid mhór ar chaint bhlasta fhiliúnta bhunadh Rann na Feirste, ar an scéalaíocht agus ar na seanamhráin. Dírítear isteach ar na ranna cainte, ar shamhlacha agus ar mheafair agus ar an teanga fháthchiallach. Níl sárú Mháire le fáil ó thaobh a chumais sa Ghaeilge le cur síos ar a raibh thart air ina bhaile dúchais, Rann na Feirste, an tír, an mhuir, an spéir agus na néalta. Ar an tséala sin, taitneoidh an leabhar seo leo sin nach bhfuil teacht acu ar shaothar ‘Mháire’, mar go bhfuil siad as cló nó nach dtig leo an seanlitriú ná an seanchló a léamh go furasta agus a bhfuil suim acu tuilleadh eolais a chur ar an Ghaeilge lúfar shaibhir atá i bhfolach agus le cuardach ina shaothar.

Lch 312

 

REVIEWS

RELATED PRODUCTS

BACK TO TOP