No Products in the Cart
Duine ar an imeall é Éanna Ó Corra. Aonarán i measc na
ndaltaí eile i bPobalscoil na Carraige. Éan corr, go
deimhin. Ach cuirtear casadh i scéal Éanna nuair a
thagann dalta nua chun na scoile. Ní dalta mar gach dalta
eile é Síomón Collina. Tá sé muiníneach. Tá sé cliste.
Agus tá sé ag iarraidh a bheith mór le hÉanna. Ach an
féidir go bhfuil rud éigin á cheilt aige? An cairdeas nó
cleasaíocht atá le tairiscint aige? Agus cé hiad an dream
rúnda seo, an Teampall Nua?
Scéal faoi chairdeas atá in Éanna Corr. Scéal faoi
shaoirse is ea é chomh maith. An mbeidh Éanna in ann
an fód a sheasamh dó féin agus dá chara? An mbeidh sé
de mhisneach aige na ceisteanna crua a chur, fiú má
chuireann sé sin an cairdeas i mbaol? An mbeidh aird
aige ar chomhairle a dheirféara, Brídín: ‘Choíche ná go
deo, ná díol do shaoirse ar mhaithe le comhluadar.’
136 pages.