Bunaíodh Siopa an Carn faoi scáth Choiste Forbartha Charn Tóchair in Eanáir 2007, ach atá anois ag feidhmniú go rathúil lena ghnó féin.

Is siopa bronntanais é Siopa an Carn a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar ard-chaighdéan a chuid earraí. Díríonn Siopa an Carn ar cheardaíocht agus ar bhronntanais Éireanacha a bhfuil stíl thraidisiúnta agus chomhaimseartha ag baint leo.  Is féidir pearsantú a dhéanamh ar roinnt mhaith de na táirgí a dhíolaimid, mar sin is cinnte go dtiocfaidh tú ar bhronntanas atá díreach uait i Siopa An Carn.

Chomh maith lénár réimse bronntanais tá réimse leabhar ar fáil. Tá leabhair staire, CLG, Logainmneacha, sloinntí srl ina measc agus réimse leabhar atá fóirsteanach do fhoghlaimeoirí Gaeilge idir páistí Naíscoile go daoine fásta.

Suite ag bun shliabh Charn Tóchair, 2 mhíle lasmuigh de Mhachaire Rátha, Co Dhoire, tá clú ar Siopa an Carn idir mhuintir na háite agus thurasóirí. 

Tá oifig an phoist, leabharlann phobail, seirbhísí gnó,cúrsaí oiliúna, áiseanna comhdhála chomh maith le cláracha sóisialta, fóilíochta agus cúrsaí creidiúnaithe ar fáil san ionad pobail, An Carn.

Le haghaidh tuilleadh eolais; https://ancarn.org/?lang=ga

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH