CISEÁN

Níl táirgí sa chiseán agat

IOMLÁN:
£0.00
Míorúilt an Pharóiste - Aistí ar fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi
  • SKU:
  • Ar fáil: i stoc Go leor i stoc As Stoc Thig an táirge seo a cheannacht ach tá sé as stoc

Míorúilt an Pharóiste - Aistí ar fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi

£12.00
  • Barrachód: 9781784441036
CUR SÍOS

Aistí ar fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi - Louis de Paor a chuir in eagar

Níl aon amhras ach go bhfuil Máire Mhac an tSaoi ar dhuine de mhórfhilí na Nua-Ghaeilge. Óna céad chnuasach,. Margadh na saoire (1956), i leith tá aghaidh tugtha aici go dalba, dána agus dúshlánach ar chuid de na ceisteanna is práinní a bhaineann le saol agus taithí na na mban go háirithe. Sa leabhar seo, cíoranna buíon scoláirí aitheanta gnéithe éagsúla dá hoidhreacht filíochta, mar atá, an guth máthartha ina cuid dánta, cúrsaí grá agus saoirse, tionchar na hiasachta ar a saothar, cóiriú na cuimhne agus an caidreamh teasaí a bhí aici le mórfhile eile a linne, Séan Ó Ríordáin. Chomh maith le sin, déantar cíoradh cruinn géarchúiseach ar dhánta aonair léi mar 'Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin' agus 'Love has pitched his mansion...' ar seoda de cheird na critice iad.

Clúdach bog

Cló Iar-Chonnacht

ATHBHREITHNITHE

TÁIRGÍ GAOLMHARA

AR AIS GO BARR AN LEATHANAIGH