{"product_id":"cloch-in-ait-an-charnain","title":"Cloch in Áit an Charnáin","description":"\u003cp\u003eSeán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis\u003c\/p\u003e\n\u003ch2 class=\"eabhloid-productSummary-authorName\"\u003ePádraig Ó Tiarnaigh\u003c\/h2\u003e\n\u003cp\u003eIs cruinnchuntas é an leabhar seo ar shaol agus ar shaothar an bhailitheora bhéaloidis ba tháirgiúla dá raibh in Éirinn sa 20ú haois, Seán Ó hEochaidh.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e \u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eThar thréimhse de bhreis is caoga bliain, thaistil Ó hEochaidh casbhóithre agus cúlbhóithre Ghaeltacht Thír Chonaill, ag bailiú scéalta, amhráin agus béaloideas a bhí tugtha ar aghaidh ó ghlúin go glúin ag muintir na háite leis na céadta bliain. Rinne sé sciar suntasach den tsaibhreas chultúrtha sin a chaomhnú dúinne sula gcaillfí go deo é. I ndiaidh blianta fada de staidéar cúramach a dhéanamh ar dhialanna Uí Eochaidh, cuireann Pádraig Ó Tiarnaigh léirmheas géar ar oidhreacht an bhailitheora inár láthair, ag cur béim, ní hamháin ar an ábhar luachmhar a bhailigh sé, ach ar an chomhthéacs chultúrtha agus ar an chineál saoil a bhí ag dul i léig lena linn. Tugann sé léargas úr ar an chaidreamh a bhí ag Ó hEochaidh lena\u003cbr\u003efhostóir, Coimisiún Béaloideasa Éireann, agus lena cheannasaí, an Stiúrthóir Séamus Ó Duilearga, agus déanann sé anailís ar an chaidreamh chorrach sin a mhair thar leathchéad bliain.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eSa leabhar seo, faightear léargas grinn ar ghairm bheatha Sheáin mar a bhreac sé féin síos é, na nósanna oibre a bhíodh aige ó lá go lá, na carachtair, cairde agus cuairteoirí a mbíodh sé ag plé leo i gcaitheamh na mblianta, agus lonraítear solas úrnua ar bhaicle de na seanchaithe, scéalaithe agus amhránaithe ab fhearr riamh anall. Léitheoireacht riachtanach é seo do scoláirí béaloidis, do lucht staidéir teanga agus staire, agus do dhuine ar bith a bhfuil dúil aige i scéal maith a insítear go beo bríomhar.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e \u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eHB\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e \u003c\/p\u003e\n\u003ctable class=\"woocommerce-product-attributes shop_attributes\" aria-label=\"Product Details\"\u003e\n\u003ctbody\u003e\n\u003ctr class=\"woocommerce-product-attributes-item woocommerce-product-attributes-item--dimensions\"\u003e\n\u003ctd class=\"woocommerce-product-attributes-item__value\"\u003e\u003c\/td\u003e\n\u003c\/tr\u003e\n\u003c\/tbody\u003e\n\u003c\/table\u003e","brand":"Áis Books","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56392901132668,"sku":null,"price":22.0,"currency_code":"GBP","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0243\/3063\/3280\/files\/Cloch-Tabla-600x600.webp?v=1771854373","url":"https:\/\/siopaancarn.com\/products\/cloch-in-ait-an-charnain","provider":"Siopa An Carn","version":"1.0","type":"link"}