{"product_id":"an-soisceal-de-reir-alan-titley","title":"An Soiscéal de réir Alan Titley","description":"\u003cp\u003eCnuasach aistí ar shaothar Alan Titley.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eUaillmhian ealaíne, cogaíocht in aghaidh na critice, diamhra na teanga fileata agus leabhar a itheann leabhair – níl sa mhéid sin ach cuid den ábhar a chlúdaíonn scríbhneoirí an chnuasaigh seo agus iad ag cíoradh shaothar scóipiúil Alan Titley, duine de na húdair is bisiúla agus is beoga i nualitríocht na Gaeilge.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eÓna chéad mhacghníomhartha pinn amach go dtí na húrscéalta móra agus na dánta is deireanaí uaidh, soilsíonn an dá aiste dhéag seo pócaí in intinn an fhir dhána agus gnéithe dá chuid scríbhinní nár pléadh go dtí seo.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eTá aistí anseo le Máirín Nic Eoin, Philip O’Leary, Máire Ní Annracháin, Gearóid Denvir, Fionntán de Brún, Darach Ó Scolaí, Aifric Mac Aodha, Seosamh Ó Murchú, Claire Marie Dunne, Ian Ó Caoimh, Máirtín Coilféir, Ríona Ní Fhrighil agus Laoighseach Ní Choistealbha\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eTá an fear eagair, Máirtín Coilféir, ina Ollamh Comhlach le Gaeilge i Scoil an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Concordia, Montréal. Tá seal caite aige ina léachtóir in Ollscoil na Gaillimhe, in Ollscoil Toronto agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bíonn sé ag scríobh ar an nualitríocht agus ar an aistriúchán, chomh maith lena bheith ag cumadh dánta.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e \u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e\u003cstrong\u003eClár an Ábhair\u003c\/strong\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eRéamhrá – \u003cem\u003eMartin Colfer\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eUaillmhian Ealaíne Alan Titley – \u003cem\u003eDarach Ó Scolaí\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eAn Teanga Fhileata i Saothar Alan Titley – \u003cem\u003eAifric Mac Aodha\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eCogadh in Aghaidh na Critice nó Cath na mBó Maol? – \u003cem\u003eMáirín Nic Eoin\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eCearta an Duine agus Filíocht Alan Titley – \u003cem\u003eRióna Ní Fhrighil agus Laoighseach Ní Choistealbha\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eFaobhar na Foraoise Siar: Athchuairt ar \u003cem\u003eMéirscrí na Tréibhe í – Gearóid Denvir\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e‘Gluaiseacht is ea mo Shaol Uile Feasta’: Turas Fisiceach agus Intinne an Duine Óig i Saothar Alan Titley – \u003cem\u003eClaire Marie Dunne\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e‘Dursan mo Thuras’: Trí Úrscéal Turais le hAlan Titley – \u003cem\u003eMáire Ní Annracháin\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eA Distant Mirror: Alan Titley’s \u003cem\u003eAn Bhean Feasa – Philip O’Leary\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e\u003cem\u003eAn Fear Dána – \u003c\/em\u003eFilíocht na Scol á hAthshealbhú san Fhicsean Staire – \u003cem\u003eFionntán de Brún\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e\u003cem\u003eStiall Fhial Feola: \u003c\/em\u003eLeabhar a Itheann Leabhair – \u003cem\u003eIan Ó Caoimh\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eLéamh ar \u003cem\u003eLámh, Lámh Eile – Máirtín Coilféir\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eTitley á Chur in Eagar – \u003cem\u003eSeosamh Ó Murchú\u003c\/em\u003e\u003c\/p\u003e","brand":"Áis Books","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":57473140588924,"sku":null,"price":16.5,"currency_code":"GBP","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0243\/3063\/3280\/files\/9781913814809.jpg?v=1789910717","url":"https:\/\/siopaancarn.com\/ga\/products\/an-soisceal-de-reir-alan-titley","provider":"Siopa An Carn","version":"1.0","type":"link"}